FORBAIRT POBAL MHAIGH CUILINN TEO.
Tá Riarthóir Oifige á lorg ag Forbairt Pobal Mhaigh Cuilinn Teo don Scéim Sóisialta Tuaithe. Beidh an té a cheapfar ag feidhmiú in oifigí an Chomhlachta i Maigh Cuilinn agus freagrach as obair oifige ghinearálta agus i gcur chun cinn na Gaeilge sa cheantar .
Ma tá suim agat sa phost seo ba chóir iarratas a sheoladh ar aghaidh go dtí an seoladh thíos roimh an Aoine 30 Deireadh Fómhair 2015.
Oifig Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn , Arus Uilinn, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe.Teil: 091 555626 Rphost: info@moycullen.net