Seirbhís tacaíochta do phobal Mhaigh Cuilinn

Seirbhís tacaíochta do phobal Mhaigh Cuilinn

Local linek helpline for those effected aby

Tá Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn, ag seoladh seirbhís tacaíochta fóin do dhaoine atá buailte mar thoradh ar an víreas corónach.

Tabharfaidh an tseirbhís eolas faoin mbealach chun teacht ar sheirbhísí áitiúla, ina measc gnólachtaí a sheolfaidh ábhar díreach chuig do theach. Cabhróidh sé le teacht ar sheirbhísí ar líne agus beidh an fhoireann dheonach ar fáil chun gach cúnamh ar féidir a chur ar fáil don phobal.

Beidh teacht ar an tseirbhís nua tríd an Oifig Phobail ag 091 55626 agus freisin trí ríomhphost ag help@moycullen.net. Mar thús beidh an tseirbhís ar fáil ó 10.00r.n. – 12 meán lae ó Luan go hAoine ach déanfar athbhreithniú ar seo de réir mar a bhogann rudaí chun cinn.

Deir Irene Cummins ó Fhorbairt Pobail Mhaigh Cuilinn: Beimid ag cloí go docht le treoir Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus nósanna sábháilteachta agus ní bheimid ag bualadh go díreach le duine ar bith sa phobal, ach go mbeimid ag treorú daoine i dtreo na seirbhísí cuí agus na grúpaí aitheanta atá freagrach do pé sheirbhís atá i gceist. Freisin beidh cód rúndachta docht i bhfeidhm le gur féidir leis an bpobal muinín iomlán a bheith acu sa tseirbhís.”

Tá Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn ag cur 5,000euro ar fáil do chiste tacaíochta áitiúil agus tá a chomhionann maoiniú curtha ar fáil ag duine áitiúil sa phobal. Cuirfear fáilte freisin le síntiúis eile. Beidh an Ciste seo á riar ag an ngrúpa tacaíochta áitiúil, Cruinniú, agus an Cumann Naomh Uinsíonn de Pól.

Ag trácht ar an tseirbhís nua dúirt Bainisteoir Fhorbairt Pobal Mhaigh Cuilinn, Séamus Ó Céide: “Tá ríméad orainn leis an leibhéal tacaíochta atá á fháil againn trasna an phobail ina iomláine, rud a léiríonn mian an phobail tacú lena chéile agus muid in am an ghátair. Ní neart go cur le chéile.”