Scoláireachta do Phrintísigh

Scoláireachta do Phrintísigh

Más athrú saoil, athrú ceirde nó ceird a fhoghlaim atá ag teastáil uait, tapaigh an deis leis an Scéim Scoláireachta do Phrintísigh atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta.  Tá os cionn 50 scoláireacht printíseachta de luach níos mó ná €2,000 an ceann ar fáil ón eagraíocht chun tacú le daoine gur mian leo cáilíocht a bhaint amach in aon cheann de na Scéimeanna Printíseachta Caighdeánbunaithe atá aitheanta ag SOLAS.

Riachtanais faoi leith maidir leis na printíseachtaí ar fad:

  • Is d’iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa a bhfuil an scoil fágtha acu na scoláireachtaí seo.
  • Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine dífhostaithe atá ag iarraidh gairm nua a thosú.

Tá tuille eolais ar fáil ag https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/oiliuint/deiseanna-sceim-na-bprintiseach/ .

Léiriú Spéise leis an foirm – roimh 28 Márta, 2024: Léiriú Spéise

Foirm Iarratas – líon roimh 28 Márta, 2024: Scéim Scoláireachta do Phrintísigh – Earrach 2024


Apprenticeship scholarships are available to Gaeltacht residents with fluent Irish who have left school.

For more information on apprenticeships please visit https://www.apprenticeship.ie/career-seekers/jobs